An Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge

16-17 Deireadh Fómhair 2026, Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe

Gairm ar Pháipéir

Déanfar comóradh, cur agus cúiteamh i mbliana ar Forbairt na Gaeilge, leabhrán tábhachtach ar nádúr, ar fhoirm agus ar chultúr na Gaeilge a scríobh Niall Ó Dónaill 75 bliain ó shin (1951).  Fáilteofar roimh cheardlanna, roimh phainéil agus roimh pháipéir aonair a bhaineann le mórthéama na Comhdhála. Glacfar, mar is gnách, le painéil agus le páipéir ar ghné ar bith de litríocht agus de chultúr na Gaeilge.

Is iad an Dr Peadar Ó Muircheartaigh (Ollscoil Dhún Éideann), Nóirín Ní Ghrádaigh (Breacadh) agus Mícheál Ó Mainnín (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste) aoichainteoirí na comhdhála i mbliana. 

Iarrtar ar dhaoine ar mhaith leo ceardlann nó painéal a eagrú dul i dteagmháil le coiste eagraithe na Comhdhála ag an seoladh ríomhphoist thíos. Tugtar cuireadh do scoláirí ar mian leo páipéar aonair (20 nóiméad) a thabhairt ag Comhdháil na bliana seo achoimre 200 focal a chur chugainn ag an seoladh céanna.

Spriocdháta d’Achoimrí: 2 Meitheamh 2026

Seoladh comhfhreagrais: comhdhailnagaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie

Seoltar achoimrí chuig an seoladh seo amháin

Cláraigh dár Liosta Seachadta

M