MGO Banner_1-Desktop
MGO Banner_2-Desktop
Banner image for Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO])

Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO])

College of Arts, Social Sciences & Celtic Studies, Scoil an Oideachais
Title of Award
Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO)
Course Code
MGO-OID
Average Intake
30
Delivery
Online
NFQ
Leibhéal 9
Award Type
Major
Next Intake
September 2026
Duration
2 bhliain Lánaimseartha
ECTS Weighting
120

Why Choose This Course?

Fostaíochta

Tá ráta fostaíochta 100% ag céimithe an MGO, agus iad ag obair in Éirinn agus thar lear.

Scoláireachtaí

Cuireann COGG (an Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelach) scoláireachtaí maoinithe ar fáil do gach duine a fhaigheann rath ar iarratas.

Scileanna teicneolaíochta

Tá an MGO aithnithe go hidirnáisiúnta mar lárionad den scoth i n-úsáid na teicneolaíochta chun teagasc, foghlaim, agus measúnú a chur i bhfeidhm.

Ranganna Beaga

Grúpaí beaga, ag bualadh le chéile, teagmháil leis an bhfoireann.

Meán Teanga

Saineolas ar an an oideachas trí Ghaeilge - is é an MGO an t-aon chlár in oiliúint tosaigh múinteoirí dara leibhéal go hiomlán trí mheán na Gaeilge in Éirinn.

Course Information

Accreditations & Awards

Katie Biggins

Thaitin an clár MGO go mór liom. Tá foireann iontach thacúil ann agus mothaím ullmhaithe don ghairm bheatha tar éis an chéim a bhaint amach.

Katie Biggins

Céimí 2021

Rónán Boland

Roghnaigh mise tabhairt faoin MGO toisc go raibh sé go hiomlán trí Ghaeilge. Thaitin sé liom go raibh rang-ghrúpa beag ann. Chuir muid aithne fíormhaith ar a chéile agus ar na léachtóirí. Ceapaim gur chuir an caidreamh seo go mór le mo dhul chun cinn pearsanta féin mar mhúinteoir. D’imigh an dá bhliain i gcaochadh na súl agus chas mé ar chairde saoil ar an MGO.

Rónán Boland

Céimí 2021

Jenny Dixon

Bhí mé idir dhá chomhairle an dtabharfainn faoin MGO nó PME tar éis na céime ach creidim anois go ndearna mé an cinneadh ceart. Rinne mé céim sa bhfisic agus bhí mé as cleachtadh ag labhairt na Gaeilge. Bhí mé beagán buartha faoi mo chaighdeán Gaeilge ag cur tús leis an MGO, ach ní raibh gá ar bith dom a bheith buartha! Tá feabhas ollmhór tagtha ar mo chuid Gaeilge a bhuíochas leis na ceadlanna ar Ghaeilge labhartha agus scríofa chomh maith le comhluadar lán-Ghaeilge an MGO. Ní hamháin gur réitigh an MGO mé mar mhúinteoir ach mhúscail sé an grá ionam arís don Ghaeilge agus do chúrsaí léinn.

Jenny Dixon

Céimí 2021

Mícheál Mac Aindriú

Phioc mé an MGO i dtús báire, mar bhíos ag iarraidh foghlaim conas teagasc trí mheán na Gaeilge. Toisc go leagann an MGO an-bhéim ar theicneolaíocht, táim ábalta straitéisí atá éifeachtach, gníomhach, cruthaitheach agus samhlaíoch a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i mo sheomra ranga.

Mícheál Mac Aindriú

Céimí 2021

Mia Ní Bhraonáin

Ní fios cén tionchar dearfach atá ag an MGO ar mo shaol. Tá i bhfad níos mó ná clár in oideachas tosaigh múinteoirí i gceist leis an MGO domsa - rinne mé cairde saoil trí Ghaeilge. Tá fás agus forbairt tagtha orm mar dhuine - go gairmiúil agus i dtaobh mo chuid féinmhuiníne. A bhuíochas le foireann uile an MGO in OÉ Gaillimh airím go bhfuil mé oilte agus ullmhaithe mar is ceart le tabhairt faoin bpost atá agam mar mhúinteoir Gaeilge agus Mata.

Mia Ní Bhraonáin

Céimí 2021

Leanne Ní Mhurchú

Is cúrsa struchtúrtha é an MGO go hiomlán trí mheán na Gaeilge a ullmhaíonn gach múinteoir faoi oiliúint chuig an leibhéal is airde le haghaidh castachtaí an tseomra ranga agus timpeallacht na scoile nua-aimseartha. Soláthraíonn sé deis duit a bheith ag obair le teicneolaíocht nua-aimseartha, buntáiste ollmhór do theagasc an lae inniu. Bhain mé an-taitneamh agus tairbhe as mo chuid ama in OÉ Gaillimh ag staidéar faoi shaineolas agus faoi threoir fhoireann Scoil an Oideachais atá díograiseach agus tacúil i ngach gné den chlár. Molaim an MGO in OÉ Gaillimh go hard.

Leanne Ní Mhurchú

Céimí 2021

Fiachra Ó hEochaidh

Tá go leor céimithe MGO fostaithe againn anseo i gColáiste Ghlór na Mara le cúpla bliain anuas. Tá caidreamh agus gaol láidir idir an scoil seo agus an MGO in OÉ Gaillimh. Is minic linn glacadh le mic léinn MGO ar shocrúchán scoile agus cuireann siad go mór leis an scoil. Molaim go mór an MGO agus caighdeán na gcéimithe.

Fiachra Ó hEochaidh

Príomhoide Táinisteach, Coláiste Ghlór na Mara

Deborah Ní Cheallaigh

Is céimí den MGO mé agus ní fhéadfainn an clár a mholadh sách ard! Anois agus mé mar phríomhoide in Aonad lánGhaeilge, creidim go láidir gurb iad céimithe an MGO na múinteoirí is oilte don earnáil Ghaeloideachais.

Deborah Ní Cheallaigh

Stiúrthóir, Aonad Loch Gile, Sligeach

Meet our Employers

Entry Requirements and Fees

Related Courses

Why University of Galway?

World renowned research led university nestled in the vibrant heart of Galway city on Ireland's scenic West Coast.

284

World University Ranking

Based on the QS World University Rankings

1

Ranked first in Ireland for Sustainable Development

THE World Rankings

TOP
5

5th in the EU for our Commitment to Sustainability

Times Higher Education’s Impact Rankings

TOP
2
%

University of Galway is ranked in the Top 2% of Universities Globally

QS World University Rankings

Downloads

Postgraduate Prospectus 2026

Postgraduate Prospectus 2026

PDF (3.2MB)
Undergraduate Prospectus 2026

Undergraduate Prospectus 2026

PDF (12.4MB)

Meet Our Alumni

Course Introduction

Is clár máistreachta, dhá bhliain lánaimseartha in oideachas tosaigh múinteoirí trí mheán na Gaeilge atá sa Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO), a ullmhaíonn múinteoirí ábhar don earnáil iarbhunscoile lán-Ghaeilge. Tá an-tóir ar chéimithe an chláir agus iad fostaithe i nGaelcholáistí agus in iarbhunscoileanna Gaeltachta. Tá céimithe MGO fostaithe i scoileanna meán Bhéarla ar fud na tíre chomh maith agus i scoileanna ar fud an domhain. Tá sé aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta mar chlár chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunoideachais in Éirinn agus san AE. 

(Is ionann cáilíocht an MGO agus cáilíocht an PME)

MGO - Bileog Eolais
MGO Intro