Laethanta Oscailte Fochéime Ollscoil na Gaillimhe

 Ollscoil na Gaillimhe
An Chearnóg, Ollscoil na Gaillimhe
Sep 21 2026 Posted: 14:11 IST

Tabharfaidh na Laethanta Oscailte deis do mhic léinn ionchasacha breathnú ar chúrsaí, ar an gcampas agus ar shaol na mac léinn

Cuirfidh Ollscoil na Gaillimhe fáilte roimh na mílte mac léinn, tuismitheoirí agus caomhnóirí agus múinteoirí gairmthreorach chuig na Laethanta Oscailte Fochéime áit a bhfaighidh siad eolas faoi dheiseanna staidéir agus faoi shaol an mhic léinn i gcathair na Gaillimhe. 

Beidh na Laethanta Oscailte ar siúl Dé hAoine, an 2 Deireadh Fómhair agus Dé Sathairn, an 3 Deireadh Fómhair idir 9am agus 3pm. Beidh deis ag cuairteoirí turas a dhéanamh den champas, foghlaim faoi chúrsaí agus an tacaíocht atá ar fáil, agus labhairt le mic léinn reatha agus leis an bhfoireann. 

Foghlaimeoidh cuairteoirí faoi bhreis is 60 clár fochéime agus glacfaidh siad páirt i gclár cainteanna ábhair, gníomhaíochtaí praiticiúla, turais champais, taispeántais agus seisiúin eolais. 

Idir Leigheas, Cógaisíocht, Altranas, Innealtóireacht, Gnó, Dlí, Eolaíocht, na Dána agus go leor eile, beidh deis ann tuilleadh eolais a fháil faoi réimsí ábhair éagsúla agus faoin raon cúrsaí fochéime atá ar fáil. 

Bhí an méid seo le rá ag Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana in Ollscoil na Gaillimhe: “Is é an aidhm atá leis an Lá Oscailte an deis a thabhairt do mhic léinn taithí a fháil ar Ollscoil na Gaillimhe iad féin. Is cinneadh mór é ollscoil a roghnú, agus níl aon bhealach níos fearr chun tuiscint a fháil ar áit ná siúl timpeall an champais, bualadh leis na mic léinn agus leis an bhfoireann, breathnú ar na háiseanna agus tuilleadh eolais a fháil faoin méid atá ar fáil. 

 “Ba mhaith linn go mbeadh ceisteanna ag na mic léinn, go mbeidís fiosrach agus intinn oscailte acu. Beidh mic léinn ann a bhfuil a fhios acu go díreach cad ba mhaith leo a staidéar agus beidh mic léinn eile nach bhfuil cinneadh déanta acu fós. Beidh neart deiseanna ann chun na roghanna a iniúchadh agus a fháil amach cé na deiseanna atá le fáil acu as a gcuid spéiseanna. 

 “Tá Ollscoil na Gaillimhe rangaithe i measc an 2% is fearr d’ollscoileanna ar domhan agus rangaithe sa chéad áit in Éirinn maidir lena tionchar ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Tá i bhfad níos mó i gceist le hollscoil a roghnú ná rangú, áfach. Tugann an Lá Oscailte deis do mhic léinn bualadh le pobal na hOllscoile agus eolas a fháil faoi na deiseanna atá ar fáil dóibh laistigh agus lasmuigh den seomra ranga. 

 "Le breis is 60 clár fochéime agus deiseanna ar nós socrúchán oibre nó staidéar thar lear ar fáil ar níos mó ná 90% dár gcúrsaí, is é an chloch is mó ar ár bpaidrín an t-eolas, an taithí agus an mhuinín a theastaíonn uathu don todhchaí a thabhairt do mhic léinn. Agus tá i bhfad níos mó i gceist le saol na hollscoile ná an méid a tharlaíonn taobh istigh den seomra ranga. Le breis is 115 cumann mac léinn agus 47 club spóirt, tá an oiread sin deiseanna ann do mhic léinn bualadh le daoine nua, spéiseanna nua a aimsiú agus a bheith mar chuid dár bpobal.” 

 Beidh réimse gníomhaíochtaí ar siúl ar fud an champais i rith an dá lá, agus beidh deis taithí phraiticiúil a fháil, ceisteanna a chur agus tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí agus faoi shaol na mac léinn. 

 I measc na mbuaicphointí, áirítear iad seo a leanas: 

  • Altranas & Cnáimhseachas: Téigh isteach sna spásanna oiliúna cliniciúla in Áras Mhaighe Seola agus faigh blaiseadh den oiliúint atá le fáil i dtimpeallacht chúraim sláinte fíorshaoil. 
  • Dlí: Tabhair cuairt ar Sheomra Bréagchúirte na hOllscoile agus faigh tuilleadh eolais faoi staidéar a dhéanamh ar an Dlí. 
  • Leigheas: Bain triail as do scileanna cliniciúla, ó éisteacht le buillí croí go tástálacha digiteacha cluaise agus súl. 
  • Eolaíocht & Innealtóireacht: Tabhair cuairt ar áiseanna den scoth agus faigh léargas nach bhfuil oscailte don phobal ar áiseanna Fisice, Ceimice agus Innealtóireachta na hOllscoile. 
  • Drámaíocht: Tá blaiseadh den fhuinneamh cruthaitheach le fáil in Ionad Uí Dhonnchadha sna máistir-ranganna agus turais. 
  • Spórt: Buail leis an bhfoireann spóirt, faigh amach faoi dheiseanna chun dul san iomaíocht ag an leibhéal is airde agus foghlaim faoi scoláireachtaí spóirt. 
  • An Ghaeilge: Féach ar áiseanna Gaeilge na hOllscoile le turas treoraithe as Áras na Gaeilge. 
  • Saol na Mac Léinn: Buail le mic léinn reatha agus foghlaim faoi chlubanna, cumainn, spórt, tacaíocht agus gníomhaíochtaí atá ar fáil sa saol lasmuigh de na léachtaí. 
  • Lóistín: Faigh tuilleadh eolais faoi na roghanna éagsúla lóistín atá ar fáil agus faoi shaol an mhic léinn i nGaillimh. 
  • Fisic & Ceimic: Tabhair cuairt ar shaotharlanna Fisice agus Ceimice na hOllscoile agus faigh tuilleadh eolais faoin teagasc, foghlaim agus taighde sna réimsí seo. 

 Is féidir clárú anois. Is féidir le mic léinn ionchasacha clárú don Lá Oscailte, an clár iomlán a íoslódáil agus tuilleadh eolais a fháil anseo www.universityofgalway.ie/opendays. 

 Chun tuilleadh eolais a fháil seol ríomhphost chuig: opendays@universityofgalway.ie 

 Críoch 

 

Margaíocht agus Cumarsáid

Next

Featured Stories