Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí ceaptha ar Ollscoil na Gaillimhe

An tOllamh Becky Whay
An tOllamh Becky Whay. Aitheantas - Andrew Downes, Xposure
Jun 25 2026 Posted: 16:19 IST

D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe inniu gurb í an tOllamh Becky Whay atá á ceapadh mar Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí.

Glacann an tOllamh Whay leis an ról go buan tar éis di a bheith ag feidhmiú ar bhonn eatramhach ó Mheán Fómhair 2024.

Dheimhnigh Údarás na hOllscoile an ceapachán inné.

Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn: “Bhí an tOllamh Whay ag gníomhú sa ról seo i gcáil eatramhach ó Mheán Fómhair 2024 agus i ngeall air sin tá an-tuiscint agus taithí aici a oirfidh don ról seo, mar aon le tiomantas láidir do mhisean agus do luachanna Ollscoil na Gaillimhe.

"Tá iomrá ar an Ollamh Whay sa saol acadúil, mar thaighdeoir agus mar oide araon agus mar gheall ar an tréimhse atá caite aici mar Leas-Uachtarán Idirnáisiúnta roimhe seo, beidh an tuiscint atá aici ar thírdhreach an ardoideachais in Éirinn agus thar lear ina buntáiste mór.”

Bhí an méid seo le rá ag an Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí, an tOllamh Whay: “Is mór an phribhléid dom é a bheith ceaptha mar Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí anseo in Ollscoil na Gaillimhe. Táim ag tnúth leis na deiseanna chomh maith leis na dúshláin atá romhainn agus muid ag obair chun ár straitéis ‘Lonnaithe i nGaillimh, ag freastal ar an Domhan Mór’ a chur i gcrích. Táim go hiomlán tiomanta tacaíocht a thabhairt don fhoireann acadúil agus na caighdeáin is airde a chinntiú dár gcuid mac léinn, chomh maith le ról lárnach a ghlacadh i bhforbairt leanúnach na hollscoile ar mhaithe le leas an phobail.”     

Beathaisnéis an Ollaimh Whay

Mar Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí, tá an tOllamh Whay ina ball d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile agus den Chomhairle Acadúil; déanann sí ionadaíocht thar ceann an Uachtaráin nuair a bhíonn sé as láthair; agus tá freagracht fhoriomlán uirthi as an straitéis acadúil agus as feabhas acadúil, as arduithe céime acadúla, as tionscadail claochlaithe eagraíochta chasta agus is í curadh inbhuanaitheachta na hOllscoile í. 

Thosaigh an tOllamh Becky Whay ag obair in Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2019 nuair a ceapadh ina Leas-Uachtarán: Idirnáisiúnta í. I mí na Bealtaine 2024, athcheapadh í sa ról sin don dara téarma, agus díríodh den chuid is mó ar an Straitéis Idirnáisiúnta a stiúradh, atá lárnach i Straitéis Ollscoil na Gaillimhe 2030, agus ar an dara céim den Líonra Ollscoileanna Eorpacha – ENLIGHT. 

I Meán Fómhair 2024, ceapadh an tOllamh Whay ina hUachtarán Ionaid agus Meabhránaí ar bhonn eatramhach.  Sa ról eatramhach seo, thug an tOllamh Whay leanúnachas le linn tréimhse ina raibh athruithe suntasacha ar bun, bhí sí i gceannas ar roinnt tionscadal casta agus leag sí amach an treo fadtéarmach do mhórthionscnaimh ar leith. Ina measc siúd tá seasamh ceannródaíoch na hollscoile san inbhuanaitheacht a choinneáil, Leabharlann nua an Dr Karen Guinee a thógáil agus an Oifig do Chlaochlú Eagraíochta a bhunú.

D’oibrigh an tOllamh Becky Whay in Ollscoil Bhriostó roimhe seo, ollscoil atá mar chuid de Ghrúpa ollscoileanna clúiteacha Russell agus atá sa 57ú háit ar domhan de réir Ranguithe QS an Domhain agus sa 5ú háit sa Ríocht Aontaithe le haghaidh Taighde. Bhí post aici freisin mar Stiúrthóir Idirnáisiúnaithe i nDámh na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil Bhriostó, dámh mhór, dhiantaighde a chuimsíonn scoileanna leighis, fiaclóireachta agus tréidliachta na hOllscoile. Ag an am céanna, roinn sí freagrachtaí an Chinn Scoile i Scoil Tréidliachta Bhriostó agus threoraigh sí an Scoil trí thréimhse inar tharla athruithe móra agus inar éirigh leo creidiúnú a bhaint amach le Veterinary Medical Association Mheiriceá.

Tá cáil idirnáisiúnta ar an Ollamh Whay as a cuid taighde ar eallach déiríochta agus ar leas eachaí oibre agus oibríonn sí i limistéir den domhan ina bhfuil idirspleáchas ainmhithe daonna ríthábhachtach don tslí mhaireachtála a bhíonn ag teaghlaigh. Bhí sí ina céad Uachtarán ar an International Society for the Study of Lameness in Ruminants agus bhí sí ina Cathaoirleach ar an Animal Welfare Science, Ethics and Law Veterinary Association. In 2015, bronnadh gradam CEVA uirthi as Leas Ainmhithe Feirme.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories