-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
August Uachtarán Nua Ceaptha ar Ollscoil na Gaillimhe
Uachtarán Nua Ceaptha ar Ollscoil na Gaillimhe
An tOllamh David J. Burn, Leas-Seansailéir Ionaid Dhámh na nEolaíochtaí Leighis, Ollscoil Newcastle, le tosú ar a théarma i mí Mheán Fómhair 2025.
D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe inniu gurb é an tOllamh David J. Burn an 14ú hUachtarán atá á cheapadh ar an Ollscoil le héifeacht ón 8 Meán Fómhair 2025. Tiocfaidh an tOllamh Burn i gcomharbacht ar an Ollamh Peter McHugh a raibh an post aige ar bhonn eatramhach ó Mheán Fómhair 2024.
Bhí an tOllamh Burn ina Leas-Seansailéir Ionaid ar Dhámh na nEolaíochtaí Leighis, Ollscoil Newcastle ó 2017 i leith, áit a raibh sé i gceannas ar mhórthionscnaimh athruithe a bhain le hathstruchtúrú na foirne teagaisc, luas a chur faoi fheidhmíocht taighde, comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú a chur chun cinn agus borradh a chur faoin idirnáisiúnú. Is Ollamh le Néareolaíocht Neamhord Gluaiseachta agus Néareolaí Comhairleach Oinigh d’Iontaobhas NHS Ospidéil Newcastle upon Tyne é David chomh maith.
Tá an tOllamh Burn ina Stiúrthóir ar Chomhpháirtíocht Taighde Sláinte Newcastle, arb Ionad Acadúil Eolaíochta Sláinte í, a bhíonn ag obair chun sláinte agus folláine breis is trí mhilliún duine atá ina gcónaí in Oirthuaisceart Shasana agus i dTuaisceart Cumbria a fheabhsú. Is é an tOllamh Burn an tUachtarán tofa ar an gCumann Idirnáisiúnta Parkinson agus Neamhord Gluaiseachta chomh maith.
Tosóidh David ina phost nua mar Uachtarán ar an 8 Meán Fómhair 2025, arb é an chéad lá den téarma nua é, agus na mílte mac léinn ag filleadh ar an Ollscoil don bhliain acadúil nua.
Ag labhairt di faoin gceapachán, bhí an méid seo le rá ag an Dr Máire Geoghegan-Quinn, Cathaoirleach Údarás na hOllscoile: “Tar éis próiseas measúnaithe a bhí dian agus iomaíoch, tá áthas orm a fhógairt go bhfuil an tOllamh David Burn ceaptha ina chéad Uachtarán eile ar Ollscoil na Gaillimhe. Tá neart taithí ag an Ollamh Burn i gceannaireacht Ollscoile agus cúraim sláinte agus tá fís láidir curtha i láthair aige chun foireann agus mic léinn Ollscoil na Gaillimhe a spreagadh le go rachaidh an Ollscoil ar leith seo ó neart go neart. Tá dea-theist ar an Ollamh Burn go hidirnáisiúnta ó thaobh ceannaireachta agus a bhfuil bainte amach aige, agus tá an taithí agus an fhís aige atá riachtanach le tabhairt faoin ról seo. Tá mé ag súil le bheith ag obair leis agus muid ag cur tús le caibidil nua in aistear na hOllscoile.
“Ba mhaith liom fíorbhuíochas a chur in iúl d’Uachtarán Eatramhach na hOllscoile, an tOllamh Peter McHugh, as an gceannaireacht stuama atá léirithe aige le bliain anuas, agus guím gach rath air amach anseo.”
Ag labhairt dó faoina cheapachán, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh David J. Burn: “Tá an-áthas orm, agus is mór an onóir dom a bheith ceaptha mar an chéad Uachtarán eile ar Ollscoil na Gaillimhe. Bíodh is gur rugadh agus gur tógadh in Oirthuaisceart Shasana mé, tá nasc láidir pearsanta agam le hÉirinn le breis agus 35 bliain agus tá seantaithí agam ar a hoidhreacht shaibhir agus a cultúr bríomhar. Tá mé ag súil le bheith ag obair as lámha a chéile le comhaltaí foirne agus le mic léinn chun lánacmhainneacht Ollscoil na Gaillimhe a bhaint amach, agus tá mé ar bís faoinar féidir linn a bhaint amach le chéile.”
Críoch
Ceisteanna ó na meáin chuig pressoffice@universityofgalway.ie