Cruinnscríobh na Gaeilge 2

LT102

Duration

10 Seachtain

Next start date

Eanáir 2025

NFQ

Level 9

ECTS

10 Credits

Mode of Study

Blended Learning

Apply By

Nov 28, 2024, 5PM

Fee

€850

Overview

Is é aidhm an mhodúil seo barr feabhais a bheith bainte amach ag na mic léinn i gcruinnscríobh na Gaeilge. Leanfar de na mic léinn a chumasú i rialacha gramadaí na Gaeilge, i gcomhréir na teanga agus i gceartúsáid na teanga. Déanfar na mic léinn a chumasú i gceartú botúin ghramadaí agus litrithe i dtéacsanna.
Déanfar tuilleadh anailíse ar ghnéithe de chóras gramadaí na Gaeilge, agus déanfar dianchleachtadh ar mhíreanna gramadaí ionas go mbainfear ardchruinneas amach. Déanfar an cruinneas sa Ghaeilge a threisiú tuilleadh trí mheán na scríbhneoireachta. Díreofar ar chruinneas gramadaí agus litrithe a dhaingniú agus a fhorbairt trí chleachtaí rialta a dhéanamh a rachaidh chun tairbhe do chumas scríofa na mac léinn. Déanfar anailís agus ceartú ar théacsanna a dhéanfaidh buanú ar na rialacha gramadaí atá foghlamtha ag na mic léinn.

Entry Requirements

Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois. Cruinnscríobh na Gaeilge 1

What you will Learn

Ábhair: Na hUimhreacha; An Clásal Coibhneasta; An Chopail; Ainmneacha pearsanta agus sloinnte na Gaeilge; Logainmneacha.

Torthaí Foghlama

  1. Comhréir nach dual don Ghaeilge a aithint agus a leasú;
  2. Forbairtí nádúrtha i ngramadach agus i gcomhréir na Gaeilge a mhíniú;
  3. Athruithe ar chomhréir agus ar ghramadach na Gaeilge de thoradh mheath na teanga a aithint;
  4. An Ghaeilge a scríobh ag féachaint do cheart-úsáid na teanga.

Measúnuithe

  • Continuous Assessment (50%)
  • Department-based Assessment (50%)

Contact

If you have any questions about this course, please contact:

An Dr Dorothy Ní Uigín
Riarthóir Theagasc na Gaeilge,
Áras na Gaeilge, Gaillimh

Email: Dorothy Ní Uigín

How to Apply

Ón 1 Deireadh Fómhair 2025, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne.

Learn more about our application process.

Apply here: Online Application Portal

When completing your application please make sure to select the following categories:

College/Interest Type: Humanities & Languages

Academic Programme: Select your micro-credential from the drop-down list

Academic Term: Select the academic term Autumn 2025 (Semester 1) or Spring 2026 (Semester2)

On Page 2 of the application for please select the following Course Instance: Arts & Social Science Micro-credentials CPC17