Cruinnscríobh & Comhréir na Gaeilge

LN6111

Duration

20 weeks

Next start date

Meán Fómhair 2025

NFQ

Level 9

ECTS

10 Credits

Mode of Study

Blended Learning

Apply By

Aug 22, 2025, 5PM

Fee

€850

Overview

Pléann an modúl seo leis na gnéithe sin den ghramadach nach bpléitear i leabhair ghramadaí de ghnáth. Féachtar, freisin, le comhréir na Gaeilge a fhiosrú, go háirithe difríochtaí idir í agus comhréir an Bhéarla. Déantar staidéar ar aistriúcháin agus ar théacsanna eile d’fhonn ceart-chomhréir na Gaeilge a aimsiú. Pléitear comhairle daoine ar spéis leo cruinnscríobh na Gaeilge le céad bliain anuas, comhairle i dtaobh na comhréire agus na gramadaí agus a chruinne atá an chomhairle sin ar na saolta seo.

Entry Requirements

Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois. BA le hAistriúchán nó le Gaeilge nó a chomhionann.

What you will Learn

Déantar staidéar ar aistriúcháin agus ar théacsanna eile d’fhonn ceart-chomhréir na Gaeilge a aimsiú. Pléitear comhairle daoine ar spéis leo cruinnscríobh na Gaeilge le céad bliain anuas, comhairle i dtaobh na comhréire agus na gramadaí agus a chruinne atá an chomhairle sin ar na saolta seo.

Torthaí an Chúrsa
Nuair a bheidh an cúrsa micridhintiúr seo déanta agat, gheobhaidh tú creidiúintí de réir an Chórais Eorpaigh Aistrithe Creidiúna. Tugann an institiúid bhronnta aitheantas do na creidiúintí seo mar chreidiúintí atá ag teacht le cúrsaí foghlama a chuirtear i gcrích ag leibhéal iarchéime 9.

Torthaí Foghlama

  1. Comhréir nach dual don Ghaeilge a aithint agus a leasú;
  2. Forbairtí nádúrtha i ngramadach agus i gcomhréir na Gaeilge a mhíniú;
  3. Athruithe ar chomhréir agus ar ghramadach na Gaeilge de thoradh mheath na teanga a aithint;
  4. An Ghaeilge a scríobh ag féachaint do cheart-úsáid na teanga.

Measúnuithe

  • Continuous Assessment (50%)
  • Department-based Assessment (50%)

Contact

If you have any questions about this course, please contact:

Micro-credentials Team,
University of Galway

Email: Micro-credentials

How to Apply

Ón 1 Bealtaine 2025, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne.

Learn more about our application process.

Apply here: Online Application Portal

Agus d’iarratas á líonadh agat, déan cinnte de go roghnóidh tú na catagóirí seo a leanas:

College/Interest Type: Arts & Social Science

Academic Programme: Select your micro-credential from the drop-down list 

Academic Term: Select the academic term Autumn 2025 (Semester 1) or Spring 2026 (Semester2) 

On Page 2 of the application for please select the following Course Instance: Arts & Social Science micro-credentials CPC17