Fógraíonn Eolaíocht ar an Scáileán coimisiún nua cláir faisnéise STEM i nGaeilge

Tuesday, 5 May 2026

Hardiman Building

Tá coimisiún nua clár faisnéise i nGaeilge fógartha mar chuid d’Eolaíocht ar an Scáileán, tionscnamh a thacaíonn le forbairt scannán a scrúdaíonn taighde eolaíoch do lucht féachana leathan.

Tacóidh an tionscnamh le léiriú clár faisnéise 25 nóiméad i nGaeilge a dhíríonn ar STEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) agus reáchtálfar féile sula gcraolfar é ar TG4.

Is cuid den tionscnamh STEM as Gaeilge é seo, clár náisiúnta dhá bhliain maoinithe ag Taighde Éireann tríd an gClár Discover, faoi cheannas an Dr Fintan Hegarty agus an tOllamh Cathal Seoighe in Ollscoil na Gaillimhe. Tá sé mar aidhm le STEM as Gaeilge rannpháirtíocht san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic a mhéadú i measc phobal na Gaeilge agus tacú le conairí do chainteoirí Gaeilge in oideachas agus i ngairmeacha STEM.

Bronnfar €40,000 ar an bhfoireann léiriúcháin a n-éireoidh leo chun scannán a chríochnú faoi Mhárta 2027.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Fintan Hegarty, Ceannaire an Tionscadail STEM as Gaeilge: "Is iontach an deis é seo a bheith páirteach sa tionscnamh Eolaíocht ar an Scáileán. Trí lucht déanta scannán a thabhairt le chéile le taighdeoirí a labhraíonn Gaeilge, cuireann an coimisiún seo deis uathúil ar fáil scéalta spreagúla STEM a fhorbairt trí pheirspictíocht shainiúil na Gaeilge. Is deis é seo bealaí nua a chur ar fáil chun an eolaíocht a fheiceáil agus a roinnt, agus ag an am céanna tacú le rannpháirtíocht níos fearr le STEM laistigh de phobal na Gaeilge agus níos faide i gcéin."

Is comhpháirtíocht é Eolaíocht ar an Scáileán idir CÚRAM, Ionad Taighde d’Fheistí Leighis de chuid Thaighde Éireann in Ollscoil na Gaillimhe, agus an comhlacht léiriúcháin Ardán. Tacaíonn an tionscnamh le léiriú clár faisnéise a scrúdaíonn taighde eolaíoch trí scannáin agus beochan. Go dtí seo, tá 10 gclár faisnéise léirithe ar ábhair lena n-áirítear galar Parkinson, cosc stróc agus taighde ar dhiaibéiteas. Tá siad feicthe ag beagnach dhá mhilliún duine ar fud an domhain agus craolta 13 huaire ar an teilifís.

Beidh seisiún eolais ar siúl do lucht déanta scannán Dé hAoine, an 15 Bealtaine ó 10am go 1pm ag CREW Creative Enterprise West i bPáirc an Tobair i gCathair na Gaillimhe. Tabharfaidh an ócáid taighdeoirí a bhfuil Gaeilge acu ó réimse disciplíní STEM le chéile. Cuirfidh siad a gcuid oibre i láthair agus déanfaidh siad cur síos ar an bplé a bhíonn acu leis an nGaeilge. Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí agus líonraithe ina dhiaidh sin, áit a mbeidh deis ag lucht déanta scannán smaointe faoi chláir faisnéise a chíoradh agus labhairt le rannpháirtithe ionchasacha.

            Dúirt an tOllamh Abhay Pandit, Stiúrthóir CÚRAM: "Tá ríméad orainn go bhfuil ár gclár Eolaíocht ar an Scáileán in ann tacú leis an tionscnamh seo chun an chruthaitheacht, an tallann agus an nuálaíocht in STEM in Éirinn a thaispeáint chomh maith leis an tionchar tábhachtach atá ag daoine atá ag obair trí mheán na Gaeilge sna réimsí seo ar ár sochaí."

Ní mór clárú roimh ré don lá eolais ag https://www.tickettailor.com/events/ardn1/2143389.

Glacfar le hiarratais don choimisiún ón 10am an 18 Bealtaine 2026 go dtí an 22 Meitheamh 2026. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag https://curamdevices.ie/science-on-screen-info-day-2026/

Críoch

Keywords: Press.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back


Featured Stories