Seolann an tAire Sláinte infheistíocht charthanach arbh fhiú €4 mhilliún í i dtaighde ar ailse chíche

Caroline Loughnane, Elan McCarthy agus Jennifer Carroll MacNeill T.D - Crediúint - Andrew Downes, XPOSURE
May 15 2025 Posted: 12:04 IST

Cuireann an Institiúid Náisiúnta don Taighde ar Ailse Chíche na milliúin euro i bhfoirm maoinithe ar fáil d’Ollscoil na Gaillimhe chun cúram agus torthaí othair a chur chun cinn 

Sheol an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill T.D., infheistíocht charthanach mhaoinithe de chuid na hInstitiúide Náisiúnta don Taighde ar Ailse Chíche (NBCRI), arbh fhiú €4 mhilliún é, chun tabhairt faoi thaighde in Ollscoil na Gaillimhe ar fhorbairtí a d’fhéadfadh saol na n-othar a athrú chun feabhais ó thaobh cúraim agus torthaí de. 

 Déanfaidh infheistíocht na hInstitiúide Náisiúnta don Taighde ar Ailse Chíche éascaíocht do thaighde feabhsaithe agus do dhiagnóisic a rachaidh chun tairbhe othar, agus san áireamh leis sin beidh íomháú digiteach nach bhfuil fáil air in Éirinn faoi láthair, leathnú trialacha cliniciúla agus tuilleadh comhoibrithe idirnáisiúnta i dtaobh samplaí cliniciúla a anailísiú.   

 Tá an maoiniú carthanach seo, arbh fhiú na milliúin euro é, á chur ar fáil mar chuid de Chomhpháirtíocht Shainiúil idir an NCBRI agus an Ollscoil, agus beidh poist ríthábhachtacha nua, idir acadúil agus taighde, mar thoradh air. 

 Tá an daonchairdiúlacht seo, agus an chomhpháirtíocht atá taobh thiar di, bunaithe ar na caidrimh sheanbhunaithe idir an dá eagraíocht ar cuireadh tús leo os cionn tríocha bliain ó shin, agus fócas ar leith acu le 15 bliana anuas ar thaighde eolaíoch agus cliniciúil a chumasú. 

 Síníodh an Chomhpháirtíocht Shainiúil go hoifigiúil agus seoladh go foirmeálta í ag ócáid a reáchtáladh in Institiúid Lambe don Taighde Aistritheach de chuid na hOllscoile.  

 Seo mar a labhair an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, T.D.: “Tá an-áthas orm an chomhpháirtíocht thábhachtach seo idir an Institiúid Náisiúnta don Taighde ar Ailse Chíche (NCBRI) agus Ollscoil na Gaillimhe a sheoladh. Ní hamháin go gcuirfidh an infheistíocht €4 mhilliún seo i dtaighde ailse chíche le cúram agus torthaí othar, ach réiteoidh sé an bealach d’fhionnachtana ceannródaíocha i dtaighde agus i ndiagnóisic. Ceann de na hailsí is coitianta is ea ailse chíche agus déantar bean amháin as gach seachtar in Éirinn a dhiagnóisiú leis an ngalar seo i gcaitheamh a saoil. Céim mhór chun tosaigh is ea fógra an lae inniu maidir le tacú le mná a bhfuil an galar seo ag gabháil dóibh.” 

 Dúirt Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Cuireann Ollscoil na Gaillimhe fáilte roimh an maoiniú seo atá curtha ar fáil ag an NCBRI agus roimh an athrú suntasach chun feabhais a bheidh mar thoradh ar an gcomhoibriú fadtéarmach agus feidhmeach seo ar an taighde ailse chíche. Tá ár gcomhpháirtíocht ar an bhfód le fada an lá agus níl aon amhras orainn ach go ndéanfaidh an infheistíocht dhaonchairdiúil fhlaithiúil seo difear suntasach dóibh siúd a bhfuil ailse orthu, agus go mbeidh tionchar níos leithne ag an Ollscoil mar institiúid diantaighde a bhfuil fréamhacha sa phobal aici agus í tiomanta do leas an phobail.”  

 Tá ról lárnach á chomhlíonadh le fada ag an Institiúid Náisiúnta don Taighde ar Ailse Chíche (NBCRI), ar carthanas náisiúnta é, i bhforbairt na gclinicí scagthástála cíche agus siomptómacha a chur chun cinn in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh agus i bhforbairt buntaighde agus taighde chliniciúil ar ailse chíche in Institiúid Lambe in Ollscoil na Gaillimhe.  

 Tacóidh infheistíocht mhaoinithe an NBCRI leis na réimsí taighde seo a leanas:  
  

  • Taighde aistritheach ar ailse chíche de chuid Ollscoil na Gaillimhe, ailse chíche mheiteastáiseach san áireamh; riosca géiniteach; fionnachtain agus brath bithmharcóirí; cumarsáid ó chill go cill laistigh de shiadaí; gaschealla agus teiripe chille.  
  • An Bithbhanc Ailse agus oibriú i gcomhar le comhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta, rud a éascóidh úsáid samplaí cliniciúla d’fhonn fiosrúchán a dhéanamh ar an gcaoi a bhforbraíonn an galar, a ndiagnóisítear é agus a gcuirtear cóir leighis air. 
  • Saindiagnóisic trí úsáid a bhaint as trealamh íomháithe dhigitigh spásúil. 
  • Trialacha cliniciúla a bhaineann le réimse na diagnóisice, cóireálacha leighis agus leo siúd a thagann slán, agus san áireamh leis sin tá máinliacht chíche agus teilealeigheas. 
  • Forbairt ionaid ailse chuimsithigh a mbeidh creidiúnú Eorpach aige tríd an gclár taighde chomh maith le habhcóideacht a dhéanamh d’infreastruchtúr feabhsaithe do chóireáil ailse mar chuid de FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt - ainmniúchán Ionad Ailse Ollscoil na Gaillimhe mar Ionad Ailse de chuid Eagraíocht Institiúidí Ailse na hEorpa (OECI).   
  • Ceapacháin agus róil acadúla agus taighde lena n-áirítear Ceann na hOinceolaíochta Leighis; Stiúrthóir Eolaíochta; altraí do thrialacha cliniciúla; eolaithe iardhochtúireachta agus mic léinn PhD; scoláireachtaí samhraidh taighde ailse. 

 Bhí an méid seo le rá ag Caroline Loughnane, Cathaoirleach na hInstitiúide Náisiúnta don Taighde ar Ailse Chíche: “An misean atá ag an Institiúid Náisiúnta don Taighde ar Ailse Chíche airgead a bhailiú chun tacú le taighde ailse chíche den chéad scoth a mbeidh fíorthionchar aige, agus tionchar intomhaiste, ar thorthaí d’othair le hailse chíche. Tá an-áthas orainn a bheith in ann an infheistíocht seo, arbh fhiú €4 mhilliún í, a dhéanamh sa chlár taighde ailse chíche in Ollscoil na Gaillimhe faoi stiúir an Ollaimh Michael Kerin agus a fhoireann. An toradh a mbítear ag súil leis ó thaighde ná fionnachtana nua, cóireálacha leighis níos éifeachtaí agus torthaí níos fearr d’othair atá ag fulaingt le hailse chíche. Tá an NBCRI ag tacú le taighde ar ailse chíche le breis agus tríocha bliain agus tá an-áthas orainn a bheith in ann cur lenár dtiomantas do chlár taighde ailse chíche in Ollscoil na Gaillimhe agus céim nua á tógáil aige mar ionad ailse le creidiúnú Eorpach i gcomhpháirtíocht le FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt.” 

 Dúirt an tOllamh Michael Kerin, Ollamh le Máinliacht in Ollscoil na Gaillimhe, Máinlia Comhairleach in Ospidéil na hOllscoile, Gaillimh agus Stiúrthóir Taighde NBCRI: “Tacóidh an maoiniú seo le clár cuimsitheach taighde agus tógann sé ar a bhfuil bainte amach, a bhuíochas le tacaíocht an NBCRI, i dtaighde ailse chíche, na géinte atá ina n-údar don ghalar, mar shampla, na bithmharcóirí atá in ann cúrsa an ghalair a thuar, agus léirmhíniú radaighníomhach níos fearr. Tá sé tar éis ligean dúinn cur le comhoibrithe cliniciúla agus taighde ar an oileán seo agus ar fud an domhain. Tá an fhoireann taighde thar a bheith buíoch dár mBord agus dár nOibrithe Deonacha a thugann an-tacaíocht agus spreagadh dúinn. 

 An toradh atá ar an gcaidreamh seanbhunaithe idir Ollscoil na Gaillimhe agus an NBCRI ná isteach is amach le €8 milliún i bhfoirm maoiniú daonchairdiúil agus infheistíocht i dtaighde a bheith curtha ar fáil ó 2010 i leith d'Institiúid Lambe san Ollscoil. 

 Athdhearbhú is ea tiomantas nua seo an NBCRI ar an bhfócas atá ag an gcarthanas ar chur chuige a fhaigheann faisnéis ó thaighde féachaint le torthaí níos fearr a fháil d’othair.  

 Críoch  

 

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

Next

Featured Stories