Cur Síos ar an BA (Comhonóracha le Gaeilge)

Fáilte chuig leathanach eolais na Chéad Bhliana

Is cúrsa ceithre bliana é an BA sna Dána (Comhonóracha le Gaeilge) ag Ollscoil na Gaillimhe. Caithfidh tú an chéad agus an dara bliain ar champas na hOllscoile i nGaillimh. Sa tríú bliain, caithfidh tú tréimhse sa Ghaeltacht agus beidh deis agat Socrúchán Oibre a dhéanamh áit ar bith in Éirinn, nó d'fhéadfá dul thar sáile ar an gclár Erasmus+ má tá staidéar ar bun agat ar theanga Eorpach eile san Ollscoil (msh. an Spáinnis, an Fhraincis, an Ghearmáinis). Tiocfaidh tú ar ais chuig campas na hOllscoile i nGaillimh don bhliain deiridh den chúrsa.

Clár na Chéad Bhliana

Déantar staidéar ar thrí mhodúl sa chéad bhliain den chéim. Bíonn modúl teanga fad bliana agat (.i. An Teanga Bheo) agus forbraíonn an modúl teanga seo do chumas labhartha agus do scileanna scríbhneoireachta sa Ghaeilge. Beidh dhá mhodúl eile le déanamh agat sa chéad bhliain: Litríocht agus Cultúr na Linne agus Scéal agus Pobal na Gaeilge (féach an ghreille thíos). Díríonn na modúil sin ar ghnéithe éagsúla de litríocht, de chultúr, agus de stair agus scéal na Gaeilge.

Leabhrán Eolais na Chéad Bhliana

  • Is féidir cóip de leabhrán eolais na Chéad Bhliana a fháil ar an leathanach seo. Gheobhaidh tú cur síos sa leabhrán ar na modúil éagsúla a bheidh le déanamh agat, chomh maith le hamchlár na léachtaí agus eolas tábhachtach eile.
An Chéad Bhliain
AINM AN MHODÚIL SEIMEASTAR ECTS
NG1105 An Teanga Bheo
Staidéar ar chruinnscríobh agus ar labhairt na teanga.
1 & 2 10
NG1106 Litríocht agus Cultúr na Linne
Staidéar ar sheánraí litríochta éagsúla na Gaeilge, lena n-áirítear an fhilíocht, an drámaíocht, agus prós na Gaeilge.
1 5
NG1107 Scéal agus Pobal na Gaeilge
Staidéar ar an athrú teanga in Éirinn, aidhmeanna agus idé-eolaíocht na hAthbheochana, tionchar an Bhéaloideas ar fhorbairt na nualitríochta.
2 5

Má éiríonn leat i scrúduithe agus measúnuithe na chéad bhliana, beidh sé de rogha agat leanúint leis an nGaeilge sa dara bliain den chéim. Aistreoidh tú chuig an gclár BA (Comhonóracha le Gaeilge) agus déanfaidh tú staidéar ar an nGaeilge agus ar ábhar amháin eile (m.sh. Tíreolaíocht, Stair, An Léann Clasaiceach, An tSibhialtacht Cheilteach, Spáinnis, Béarla, srl.) as sin go dtí deireadh na céime.