Leas-Uachtarán Gníomhach don Taighde agus Nuálaíocht Ceaptha ag Ollscoil na Gaillimhe

Tá an tOllamh Lokesh Joshi ceaptha ina Leas-Uachtarán Gníomhach don Taighde agus Nuálaíocht in Ollscoil na Gaillimhe. Aitheantas – Aengus McMahon.
Mar 10 2025 Posted: 10:09 GMT

Tá an tOllamh Lokesh Joshi ceaptha ag Ollscoil na Gaillimhe mar Leas-Uachtarán Gníomhach don Taighde agus Nuálaíocht.

Is Ollamh Stokes le Gliceolaíocht é an tOllamh Joshi in Ollscoil na Gaillimhe. Bhí sé ina Leas-Uachtarán Taighde san Ollscoil cheana féin idir 2013 agus 2020, agus sa tréimhse sin rinne sé obair cheannródaíoch le clár oibre uaillmhianach a leagan amach chun barr feabhais a bhaint amach sa taighde, sa nuálaíocht agus san fhiontraíocht.

            Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Becky Whay, an tUachtarán Ionaid agus Meabhránaí Eatramhach: “Tá lúcháir orm go bhfuil an tOllamh Joshi ag tabhairt faoi ról an Leas-Uachtaráin Ghníomhaigh don Taighde agus Nuálaíocht mar go bhfuil taithí fhairsing aige agus go bhfuil cáil air as feabhas a chuid taighde. Faoina stiúir tá muid ag tnúth go ndéanfar an-dul chun cinn maidir le taighde agus nuálaíocht.”

Seo mar a labhair an tOllamh Lokesh Joshi: “Tá gréasán bisiúil taighde agus nuálaíochta ag Ollscoil na Gaillimhe le fada an lá. Táim an-bhródúil as taighdeoirí na hOllscoile atá ag déanamh taighde ardtionchair den scoth san iliomad disciplíní. Is mór an onóir dom an deis seo a bheith agam agus táim ag tnúth le bheith ag plé leis na páirtithe leasmhara chun tacú le pobal taighde agus nuálaíochta na hOllscoile.”

Tá breis agus 30 bliain de thaithí idirnáisiúnta ag an Ollamh Joshi. Is é an t-ábhar taighde is mó a mbíonn sé ag díriú air ná na róil a bhíonn ag carbaihiodráití coimpléascacha i gcórais bheo agus teicneolaíochtaí a fhorbairt chun tuiscint a fháil ar an gcaidreamh idir próitéiní agus carbaihiodráití i gcúrsaí sláinte agus le linn próisis galar.

Tá an tOllamh Joshi i gceannas ar roinnt tionscadal taighde a bhfuil tacaíocht acu ó ghníomhaireachtaí maoinithe náisiúnta agus ón AE. Tá níos mó ná 150 alt taighde foilsithe aige agus tá sé páirteach i dtionscnaimh thaighde agus nuálaíochta idirnáisiúnta.

Bhunaigh sé Aquila Bioscience chomh maith, mac-chomhlacht de chuid Ollscoil na Gaillimhe ina ndéantar straitéisí núíosacha a fhorbairt chun cosaint a thabhairt in aghaidh galair thógálacha agus tá sé ag oibriú i gcomhar le páirtithe éagsúla amhail Fórsaí Cosanta na hÉireann agus Gníomhaireacht Spáis na hEorpa.

Bhí sé ina Ollamh Comhlach in Ollscoil Stát Arizona, áit a raibh sé i gceannas ar fhoireann taighde a rinne iniúchadh ar ról an ghliocóisilithe i gcás sláinte agus galar. Cuireadh oiliúint mar thaighdeoir iardhochtúireachta agus mar thaighdeoir comhlach ar an Ollamh Joshi in Institiúid Boyce Thompson agus Ollscoil Cornell in Ithaca, Nua-Eabhrac, tar éis dó a PhD faoi phataigineas fungasach a chríochnú in Ollscoil Bath, RA.

Tá an tOllamh Joshi ag teacht i gcomharbacht ar an Ollamh Jim Livesey i ról an Leas-Uachtaráin don Taighde agus Nuálaíocht.

Dúirt an tOllamh Whay: “Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil chomh maith leis an Leas-Uachtarán atá ag dul as oifig, an tOllamh Jim Livesey, as an obair atá déanta aige thar ceann na hOllscoile i rith a théarma oifige. Ba mhaith linn gach rath a ghuí air amach anseo.”

Críoch

Margaíocht agus Cumarasáid

PreviousNext

Featured Stories