-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
September Institiúid don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte bunaithe ag Ollscoil na Gaillimhe
Institiúid don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte bunaithe ag Ollscoil na Gaillimhe
An tOllamh Ted Vaughan ceaptha ina Stiúrthóir Eatramhach agus clár oibre taighde uaillmhianach á leagan amach ag an Ollscoil ar mhaithe le leas an phobail
Tá sé fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe go bhfuiltear chun an Institiúid don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte a bhunú, chun tabhairt faoi thaighde ceannródaíoch ar ghalair, agus réitigh cúraim sláinte a fhorbairt.
Tá an tOllamh Ted Vaughan ceaptha ina Stiúrthóir Eatramhach ar an Institiúid nua, a sheolfar go foirmiúil Déardaoin, an 10 Deireadh Fómhair 2024, ag ócáid speisialta ar an gcampas a mhairfidh ar feadh an lae.
Beidh an Institiúid don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte ar thús cadhnaíochta ag tabhairt faoi thaighde nuálach le tuiscint a fháil ar ghalair agus le réitigh cúraim sláinte a fhorbairt, agus leas á bhaint aici as an saineolas atá ar fáil san Ollscoil ó thaobh na heolaíochta agus na hinnealtóireachta bithleighis de.
Beidh breis agus 200 taighdeoir agus lucht acadúil ág obair le chéile faoi scáth na hInstitiúide nua ó raon leathan réimsí staidéir, amhail fionnachtana ceannródaíocha sa bhitheolaíocht agus nuálaíocht teicneolaíochta d'fheistí leighis úrnua.
Tá Stiúrthóireacht Seirbhísí Teicneolaíochta na nInstitiúidí Taighde bunaithe freisin ag Ollscoil na Gaillimhe, faoi stiúir an Dr Elaine Breslin. Tacóidh an Stiúrthóireacht leis an Institiúid taighde nua agus leis an Institiúid do Thrialacha Cliniciúla a bunaíodh go foirmiúil anuraidh, trí chroí-áiseanna agus croí-theicneolaíochtaí a bhainistiú agus trí acmhainní nua a thabhairt isteach chun go gcothófar gréasán taighde den chéad scoth.
Fágfaidh an infheistíocht ón dá institiúid sin in acmhainn taighde nua go gcuirfear le líon na bhforbairtí eolaíochta úrnua, rud a rachaidh chun tairbhe trialacha cliniciúla agus cúram sláinte, trí dhlús a chur le soláthar teiripí agus réiteach leighis a d'fhéadfadh a bheith ceannródaíoch agus a d'fhéadfadh an earnáil a athrú ó bhonn, agus leis an gcaoi a gcuirtear na teiripí agus na réitigh leighis sin i bhfeidhm mar chóir leighis do ghalair.
Dúirt Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Is cor nua i stair na hOllscoile, agus léiriú ar an gcur chuige straitéiseach uaillmhianach maidir leis an taighde in Ollscoil na Gaillimhe, bunú na hInstitiúide don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte, taobh le taobh leis an Institiúid do Thrialacha Cliniciúla a cuireadh ar bun le gairid.
"Is é an duine an acmhainn is luachmhaire atá againn agus cuirfidh an obair thaighde a dhéanfaidh an fhoireann sna hinstitiúidí seo, agus i gcomhar le daoine eile, ar ár gcumas úsáid a bhaint as buntaighde eolaíoch chun cóireálacha agus idirghabhálacha leighis a aimsiú a d'fhéadfadh saol an duine a athrú agus a rachaidh chun tairbhe na sochaí. Bheadh, ar an gcaoi sin, an misean atá againn freastal ar leas an phobail comhlíonta.
“Is Ollscoil í seo atá á treorú ag taighde. Fágfaidh láidreacht, acmhainn agus saineolas an dá institiúid seo go mbeimid in ann a bheith níos uaillmhianaí, go mbeimid in ann ár gclár oibre taighde a leathnú trí fhionnachtana agus teicneolaíochtaí nua a chur á n-úsáid i gcleachtas cliniciúil, agus go mbeidh níos mó foghlama agus deiseanna á dtairiscint againn i gcónaí do mhic léinn, do thaighdeoirí agus do lucht acadúil na hollscoile.”
Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Laoise McNamara, Ceann Scoil na hInnealtóireachta: “Tá taighde ceannródaíoch san innealtóireacht bhithleighis agus sna heolaíochtaí sláinte á dhéanamh in Ollscoil na Gaillimhe le fada an lá, agus tá bonn láidir mar sin faoin Institiúid don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte. Is céim mhór chun cinn é bunú na hInstitiúide. Cuirfidh sí ar chumas ár gcuid taighdeoirí dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir leis an misean atá againn teiripí ceannródaíocha agus teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt. Cuirfear go mór chomh maith leis na deiseanna foghlama atá ag mic léinn sa mhéid is go mbeidh áiseanna taighde den scoth á gcur ar fáil, mar aon le deis tabhairt faoi intéirneachtaí taighde agus faoi theagasc breisithe atá á threorú ag taighde.”
Seo mar a labhair Déan Feidhmiúcháin Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta, an tOllamh Walter Gear: "Is meascán taighde agus nuálaíochta, idir bhunúsach agus fheidhmeach, a bhíonn san obair a dhéanann an tOllamh Vaughan. Tá go leor bainte amach aige i gceannaireacht taighde agus tá an-taithí aige ar a bheith ag comhoibriú leis an tionscal teicneolaíochta leighis. Fágann sin go bhfuil mianach maith ceannaireachta agus spreagtha ann tógáil ar na láidreachtaí atá againn cheana féin agus cabhrú linn tuiscint bhunúsach agus fheidhmeach a fháil níos tapa ar ghalair, agus an tuiscint agus an t-eolas seo a chur chun feidhme i dtaighde réamhchliniciúil chun réitigh a chur ar fáil don earnáil sláinte a d'fhéadfadh í a athrú ó bhonn.”
Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Ted Vaughan, Stiúrthóir Eatramhach na hInstitiúide don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe: “Is é an fhís atá againn an timpeallacht is fearr agus is féidir a chothú in Ollscoil na Gaillimhe chun go ndéanfar éascaíocht dár bpobal taighde teicneolaíochtaí nua cúraim sláinte a fhorbairt. Tá sé mar aidhm againn aghaidh a thabhairt ar aon bhearnaí atá fágtha sa slabhra forbartha taighde idir an fhionnachtain eolaíochta agus an nuálaíocht.
“Ba mhaith linn tacú lenár bpobal taighde agus iad ag iarraidh teicneolaíochtaí agus teiripí nua a aimsiú, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun go ndéanfar galair a aithint níos luaithe agus chun go ndéanfar diagnóisiú orthu níos luaithe, chun an fad a mhaireann an chóir leighis a laghdú, chun torthaí cliniciúla a fheabhsú d’othair, agus chun an bealach a réiteach don chéad ghlúin eile den teicneolaíocht sláinte.”
Beidh an Institiúid don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte faoi stiúir Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta in Ollscoil na Gaillimhe, agus cuirfidh sí spás nua ar fáil ina ndéanfar taighde na hOllscoile a chomhtháthú agus a fhorbairt.
Feidhmeoidh sí i gcomhar le hInstitiúid na hOllscoile do Thrialacha Cliniciúla agus le CÚRAM, an t-ionad d'fheistí leighis atá maoinithe ag Research Ireland-Taighde Éireann, agus le BioInnovate, clár Thionscnamh na Nuálaithe de chuid Fhiontraíocht Éireann.
Déanfaidh an meascán straitéiseach saineolais seo éascaíocht don fhorbairt thaighde-threoraithe leanúnach in Ollscoil na Gaillimhe, agus cuirfidh sé tuilleadh le stádas na Gaillimhe mar lárionad domhanda do theicneolaíocht leighis a bhfuil cion tairbhe nach beag á dhéanamh aige d'fhás an gheilleagair agus d'fhorbairt an réigiúin.
Críoch