Ollscoil na Gaillimhe le fáilte a chur roimh bhreis agus 3,500 mac léinn nua

An Chearnóg, Ollscoil na Gaillimhe
Aug 28 2024 Posted: 10:44 IST

Tá tairiscintí déanta ag Ollscoil na Gaillimhe do 3,753 mac léinn ionchasacha don bhliain acadúil 2024/25.   

 Thug an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe agus an tOllamh Peter McHugh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí, aitheantas d’iarrachtaí rang Ardteistiméireachta 2024 agus dá bhfuil bainte amach acu, a raibh tromlach mór acu ag tabhairt faoi scrúduithe Stáit den chéad uair.  

   Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe: “Comhghairdeas le rang na hArdteistiméireachta 2024 agus iad ag tabhairt faoin gcéad chéim eile dá gcuid staidéir. Tá breithiúnas stuama léirithe acu agus Ollscoil na Gaillimhe roghnaithe acu. Seasfaidh an breithiúnas sin leo agus an taithí ar fad atá faighte acu go dtí seo agus iad ag cur tús lena dtréimhse foghlama in Ollscoil na Gaillimhe. 

 Dúirt Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Tá na múrtha fáilte ó Ollscoil na Gaillimhe tuillte ag gach mac léinn a bhfuil a mbealach déanta acu trí na blianta iar-bhunscoile agus an Ardteistiméireacht bainte amach acu, agus go háirithe iad siúd a raibh orthu déileáil leis an éifeacht a bhí ag an bpaindéim ar a scolaíocht. Is féidir leo bheith cinnte go mbeidh eispéireas mac léinn den scoth acu san Ollscoil seo. 

 “Tá sárobair ar siúl arís ag an bhfoireann iontrálacha agus clárúcháin in Ollscoil na Gaillimhe agus í ag déanamh éascaíocht don líon ollmhór mac léinn a bhfuil iarratas déanta acu staidéar anseo. Fáiltímid sa chomhthéacs sin roimh thiomantas an Rialtais aghaidh a thabhairt ar shaincheist na ngrád boilscithe san Ardteistiméireacht. 

 Is é seo an ceathrú bliain as a chéile a bhfuil éileamh suntasach ar áiteanna san earnáil oideachais tríú leibhéal agus tá 3,753 áit á tairiscint ag Ollscoil na Gaillimhe do mhic léinn fochéime sa chéad bhliain.  

 Seo a leanas roinnt de na treochtaí is suntasaí tar éis do na tairiscintí a bheith déanta i mBabhta a hAon den phróiseas CAO: 

  • Bhí roinnt athruithe ann ar na pointí do chúrsaí céime in Ollscoil na Gaillimhe, agus tháinig méadú ar phointí, nó níor tháinig aon athrú orthu, i gcás beagnach aon tríú de na cúrsaí.  
  • Tá isteach is amach le 40% de chláir chéime na hOllscoile idir 500 agus 600 pointe. 
  • Bhí méadú 41 pointe ann don chéim sna Dána (Léann na Drámaíochta, na hAmharclannaíochta agus an Taibhléirithe), ar ardú é sin a léiríonn go bhfuil éileamh níos mó ann don chineál sin cúrsa i bhfianaise an cháil atá bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ionad idirnáisiúnta do na healaíona cruthaitheacha. Teist atá sa mhéadú ar phointí chomh maith ar a luachmhar is atá ár gcomhpháirtíochtaí oideachais straitéisigh le Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe agus le Druid. 
  • D’ardaigh na pointí do roinnt de chláir Ollscoil na Gaillimhe a bhfuil deiseanna Erasmus orthu: BA (Teangacha Domhanda), BComm Idirnáisiúnta (Spáinnis) agus BSc (Biteicneolaíocht).  
  • Breis agus 500 pointe a bhíonn ag teastáil i gcónaí do chláir Innealtóireachta agus Dlí.  
  • Tá éileamh láidir ann i gcónaí do chúrsaí Ollscoil na Gaillimhe san Innealtóireacht Bhithleighis atá ag 578 pointe anois (ardú 30 pointe) agus Eolaíocht Bhithleighis ag 577 pointe (ardú 10 bpointe).  
  • Leithdháileadh randamach ag 728 pointe atá i gceist le Leigheas i gcónaí.  
  • Tá ardú beagnach 50% ann i líon na spásanna do mhic léinn ar mian leo tabhairt faoi chéimeanna i dTeiripe Shaothair agus i dTeiripe Urlabhra agus Theanga- is ionann sin agus 30 spás breise sa dá chlár le chéile a bhuíochas le fógra ón Rialtas go gcuirfí maoiniú breise ar fáil sna réimsí sin.  
  • Tá níos mó ná 500 pointe ag teastáil i gcás cúig cinn de na hocht gclár Tráchtála. 

 Críoch 

 

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

PreviousNext

Featured Stories